search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA cercato: '   féadfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index    féadfaidh:

    TEIDEAL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    TEIDEAL II
    BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN

    TEIDEAL III
    BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ

    CAIBIDIL 1
    Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

    CAIBIDIL 2
    Bearta chun comhcheadúnú a éascú

    CAIBIDIL 3
    Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

    CAIBIDIL 4
    Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

    TEIDEAL IV
    BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH

    CAIBIDIL 1
    Cearta i bhfoilseacháin

    CAIBIDIL 2
    Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne

    CAIBIDIL 3
    Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí

    TEIDEAL V
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    féadfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 500

 

Airteagal 5

Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:

(a)

go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus

(b)

go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh.

2.   D'ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.

Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.

3.   Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.

4.   féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.

Airteagal 12

Comhcheadúnú le héifeacht leathnaithe

1.   féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, a mhéid a bhaineann leis an úsáid ar a gcríoch náisiúnta agus faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, nuair a dhéanann eagraíocht chomhbhainistíochta, atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme agus i gcomhréir lena sainorduithe ó na sealbhóirí cirt, comhaontú ceadúnaithe ar mhaithe le saothair nó ábhar eile a shaothrú:

(a)

go bhféadfar comhaontú den sórt sin a leathnú chun go mbeadh feidhm aige maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht chomhbhainistíochta sin ionadaíocht a dhéanamh dóibh trí bhíthin sannta, ceadúnais nó aon socrú conarthach eile; nó

(b)

i ndáil le comhaontú den sórt sin, go bhfuil sainordú dlíthiúil ag an eagraíocht nó go dtoimhdítear go ndéanann sí ionadaíocht do shealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht dá réir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an sásra ceadúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach laistigh de réimsí dea-shainithe úsáide ina bhfuil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair go hiondúil dochraideach agus neamhphraiticiúil sa mhéid agus go bhfágtar an t-idirbheart ceadúnaithe atá ag teastáil neamhdhóchúil mar gheall ar chineál na húsáide nó na cineálacha saothar nó ábhar eile i dtrácht agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh an sásra ceadúnaithe sin leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt a choimirciú.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na coimircí seo a leanas:

(a)

go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá faoi réir an cheadúnais don Bhallstát ábhartha;

(b)

go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt, lena n-áirítear i ndáil le téarmaí an cheadúnais;

(c)

go bhféadfaidh sealbhóirí cirt nár thug údarú don eagraíocht atá ag deonú an cheadúnais, tráth ar bith agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh as an sásra ceadúnaithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo; agus

(d)

go bhfuil bearta poiblíochta iomchuí déanta, ag tosú ó thréimhse réasúnach sula ndéantar na saothair nó ábhar eile a úsáid faoin gceadúnas, chun sealbhóirí cirt a chur ar an eolas i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíocht chomhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas, faoin gceadúnú atá ag tarlú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c). Beidh na bearta poiblíochta éifeachtach gan an gá ann gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.

4.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm sásraí comhcheadúnaithe ag a bhfuil éifeacht leathnaithe i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha a cheadaíonn d'eisceachtaí nó teorainneacha.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhbhainistiú éigeantach ar chearta.

Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir leis an sásra ceadúnaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.

5.   I gcás ina bhforálann Ballstát ina dhlí náisiúnta do shásra ceadúnaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát sin an Coimisiún ar chur ar an eolas i dtaobh raon feidhme na bhforálacha náisiúnta comhfhreagracha, faoi na críocha agus na cineálacha ceadúnais a fhéadfar a thabhairt isteach faoi na forálacha sin, faoi na mionsonraí teagmhála d'eagraíochtaí a eisíonn ceadúnais i gcomhréir leis an sásra ceadúnaithe, mar aon leis an mbealach inar féidir faisnéis i dtaobh an cheadúnaithe agus i dtaobh na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 a fháil. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin.

6.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus ar na comhairliúcháin laistigh den choiste teagmhála arna bhunú in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Aibreán 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na sásraí ceadúnaithe sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san Aontas, an tionchar atá acu ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí iad den eagraíocht a dheonaíonn na ceadúnais nó ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad nó atá ina gcónaí i mBallstát eile, a n-éifeachtúlacht a mhéid a bhaineann le scaipeadh inneachar cultúrtha a éascú, agus an tionchar atá acu ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear soláthar seirbhísí agus iomaíochas trasteorann. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach, lena n-áirítear i ndáil le héifeacht trasteorann na sásraí náisiúnta sin, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

CAIBIDIL 3

Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

Airteagal 19

Oibleagáid trédhearcachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdair agus na taibheoirí ar bhonn rialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus sainiúlachtaí gach earnála á gcur san áireamh, faisnéis chothrom le dáta, ábhartha agus chuimsitheach maidir le saothrú a saothar agus taibhithe ó na páirtithe sin dá bhfuil a gcearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe acu nó óna gcomharbaí i dteideal, go háirithe maidir le modhanna saothraithe, leis na hioncaim iomlána a ghintear agus leis an luach saothair a bheidh dlite.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn na cearta dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi cheadúnas ina dhiaidh sin go bhfaighidh údair agus taibhithe nó a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis bhreise ó na focheadúnaithe i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a bheadh riachtanach chun críocha mhír 1 i seilbh an chéad chontrapháirtí chonarthaigh.

I gcás ina n-iarrtar faisnéis breise den sórt sin, déanfaidh céad chontrapháirtí conarthach na n-údar agus na dtaibheoirí faisnéis a sholáthar maidir le céannacht na bhfocheadúnaithe sin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéantar aon iarraidh ar fhocheadúnaithe de bhun na chéad fhomhíre go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.

3.   Beidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 comhréireach agus éifeachtach chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngach earnáil. I gcásanna cuí-réasúnaithe ina dtiocfadh an t-ualach riaracháin mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 chun bheith díréireach i bhfianaise na n-ioncam a ghintear trí shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil an oibleagáid teoranta do chineálacha agus leibhéal na faisnéise is féidir a bheith ag súil léi go réasúnach i gcásanna den sórt sin.

4.   féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh an rannchuidiú ón údar nó ón taibheoir suntasach ag féachaint don saothar nó taibhiú foriomlán, ach amháin má léiríonn an t-údar nó an taibheoir go bhfuil an fhaisnéis seo ag teastáil uaidh nó uaithi chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 20(1) agus go n-iarrann sí nó sé an fhaisnéis chun na críche sin.

5.   féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás comhaontuithe atá faoi réir nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála, go mbeadh rialacha trédhearcachta an chomhaontaithe cómhargála ábhartha infheidhme ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.

6.   Sa chás go mbíonn Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE infheidhme, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt chun críche ag eintitis arna sainiú in Airteagal 3(a) agus (b) den Treoir sin nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.

Airteagal 22

Ceart cúlghairme

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás údar nó taibheoir a bhfuil a chuid nó a cuid cearta i saothar nó ábhar cosanta eile curtha faoi cheadúnas nó aistrithe aige ar bhonn eisiach, go bhféadfaidh an t-údar nó taibheoir an ceadúnas nó an t-aistriú ar chearta a chúlghairm ina iomláine nó go páirteach má tá easpa saothraithe ann i ndáil leis an obair nó leis an ábhar cosanta eile.

2.   Féadfar forálacha sonracha don sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

sonraíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus na cineálacha éagsúla saothar agus taibhithe; agus

(b)

i gcás ina bhfuil rannchuidiú ó níos mó ná údar nó taibheoir amháin i saothar nó ábhar eile, tábhacht choibhneasta na rannchuidithe aonair agus leasanna dlisteanacha na n-údar agus taibheoirí uile a ndéanfar difear dóibh ar scór chur i bhfeidm an tsásra cúlghairme ag údar nó taibheoir aonair.

Féadfaidh na Ballstáit saothair nó ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra chúlghairme más rud é gur gnách do shaothair den sórt sin nó ábhar eile rannchuidithe ó roinnt údar nó taibheoirí a bheith iontu.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach féidir an sásra cúlghairme a chur i bhfeidhm ach amháin laistigh de chreat ama sonrach i gcás ina bhfuil an srianadh sin cuí-réasúnaithe ar scór shonraíochtaí na hearnála nó ar scór an chineáil saothair nó ábhair eile i dtrácht.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údair nó taibheoirí an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas a chúlghairm nó na cearta a aistriú.

3.   Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfar an chúlghairm dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh tréimhse réasúnach ama tar éis an ceadúnas nó aistriú na gceart a bheith tugtha i gcrích. Tabharfaidh an t-údar nó an taibheoir fógra don duine chuig a bhfuil na cearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe, agus socróidh sé sprioc-am iomchuí a mbeidh saothrú na gceart faoi cheadúnas nó aistrithe le tarlú roimhe. I ndiaidh don sprioc-am sin a dhul in éag, féadfaidh an t-údar nó an taibheoir an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas nó aistriú na gceart a chúlghairm.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 más ann d'easpa shaothrú na gceart go príomha mar gheall ar imthosca ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an t-údar nó an taibheoir in ann iad a leigheas.

5.   féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a mhaolaíonn ón sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1 infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí bunaithe ar chomhaontú cómhargála.


whereas









keyboard_arrow_down